Réamhobair 1 An tábhar Cur síos ar an ábhar An Béarla Ag bácáil cáca milis deas do do mháthair ar Lá na Máithreacha An Corpoideachas Ag déanamh plé ar na difríochtaí idir an Caitliceachas agus an Búdachas ID: 329726
Download Presentation The PPT/PDF document "Ábhair scoile sa saol" is the property of its rightful owner. Permission is granted to download and print the materials on this web site for personal, non-commercial use only, and to display it on your personal computer provided you do not modify the materials and that you retain all copyright notices contained in the materials. By downloading content from our website, you accept the terms of this agreement.
Slide1
Ábhair scoile sa saol Réamhobair 1
An t-ábhar
Cur síos ar an ábharAn BéarlaAg bácáil cáca milis deas do do mháthair ar Lá na Máithreacha.An CorpoideachasAg déanamh plé ar na difríochtaí idir an Caitliceachas agus an Búdachas.An Eacnamaíocht BhaileAg insint do thurasóirí cá bhfuil cathair na Gaillimhe.An Eolaíocht Ag ceannach aráin i mbácús i mbaile beag i ndeisceart na Fraince.An FhraincisAg féachaint ar an scannán is fearr leat agus ag léamh Harry Potter.An GhaeilgeAg scríobh aiste ar an ríomhaire agus ag cur téacs chuig do chara.An MataAg bruith / ag beiriú uisce le do phasta a chócaireacht ann.Oideachas Reiligiúin Ag labhairt le do chairde ag am sosa. An Teicneolaíocht Ag imirt cluichí amuigh faoin aer le do chuid cairde.An Tíreolaíocht Ag roinnt bille le cara tar éis caife a ól i lár an bhaile.
Cén t-ábhar scoile (ar chlé) atá i gceist agus na himeachtaí sa bhosca ar dheis á ndéanamh agat? Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe. Slide2
Ábhair scoile sa saol Réamhobair 2
Bí ag ob
air leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na focail thíos a bheidh le cloisteáil sa mhír. An bhfuil siad ar eolas agaibh?go léir ócáidí speisialta saoire thaitneamhach ócáidí brónacha imeachtaí tábhachtacha i bhfad i gcéinformhór dúnmharú tuirling An Dara Cogadh Domhanda an buama adamhach eachtraína céadta bliain ag éirí aníosCad a dhéanann tú nuair nach bhfuil focal ar eolas agat? Ceist a chur ar an múinteoir? Dul i muinín foclóra? Seo thíos cúpla pointe chun cabhrú leat focal nach bhfuil ar eolas agat a aimsiú:An bhfuil an focal cosúil le haon fhocal atá ar eolas agat i dteanga eile, mar shampla: seic agus cheque?An bhfuil an focal san uatha nó san iolra, mar shampla: tábla agus táblaí?Má tá ceannlitreacha ar an bhfocal, b'fhéidir gur imeacht nó duine tábhachtach atá ann, mar shampla: An tUachtarán nó An Gorta Mór.Féach an bhfuil aon chuid den fhocal atá cosúil le focal eile, mar shampla: fótachóip.An briathar é an focal?Slide3
Éist leis an mír anois agus freagair na ceisteanna.
Tugann an cainteoir samplaí éagsúla dúinn den stair. Breac síos cúpla sampla faoi na teidil thíos:Ócáidí Pearsanta
_________________________________________________________________________________________________Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 60í__________________________________________________________________________________________________Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 40í__________________________________________________________________________________________________Cén sainmhíniú a thugann an cainteoir ar an stair ag deireadh na míre?Éist leis an mír arís agus breac síos cad a tharla le linn na mblianta seo: 1963: 1969: 1935: 1945: Mínigh difríocht amháin idir an Béarla agus an Ghaeilge sna samplaí seo ón mhír: imeachtaí tábhachtacha vs important events buama adamhach vs atomic bomb Ábhair scoile sa saol ÉisteachtSlide4
Rólghníomhaíocht
Duine 1Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-ábhar is fearr liom ná an _____________. Is maith liom an tíreolaíocht mar tá an múinteoir
_____________. Déanaimid staidéar ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na _____________ ar fad; an difríocht idir ceantair tuaithe agus _____________; léarscáileanna agus _____________. Ní thaitníonn _____________ liom in aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, _____________ focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i gcónaí? Ábhair scoile sa saol Iarphlé 1Slide5
Rólghníomhaíocht Duine 2
Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh _____________. Is breá liom _____________ ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla
_____________ agam agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a fhoghlaim. _____________ liom an Mata chomh maith mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid _____________ ailgéabar, ar _____________ agus ar gheoiméadracht agus a lán eile. Ábhair scoile sa saol Iarphlé 2Slide6
Ról A
Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh i mbliana. Is breá liom na teangacha ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla líofa agam agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a fhoghlaim. Is maith liom an Mata chomh maith mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid staidéar ar ailgéabar, ar staitisticí agus ar gheoiméadracht agus a lán eile.
--------------------------------------------------------------------------Ról BTá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-ábhar is fearr liom ná an tíreolaíocht. Is maith liom an tíreolaíocht mar tá an múinteoir an-mhaith. Déanaimid staidéar ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na tíortha ar fad; an difríocht idir ceantair tuaithe agus ceantair uirbeacha; léarscáileanna agus grianghraif. Ní thaitníonn an Fhraincis liom in aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, ní thuigim focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i gcónaí? Ábhair scoile sa saol Iarphlé 3